Eochairchéimeanna 1 & 2
An Clár Luathléitheoireachta
Is toradh ar chomhfhiontar an acmhainn seo idir CCEA, an tÁisaonad agus COGG. Is acmhainn ar leith í a thacaíonn leis an Chlár Luathléitheoireachta a d’fhorbair an tÁisaonad agus atá anois á soláthar ag CCEA mar chuid dá clár tacaíochta féin don earnáil ó thuaidh. Tacaíonn na gníomhaíochtaí san acmhainn seo leis an chéad 60 leabhar ar an chlár, is é sin Banda 1a, 1b agus 1c. Tá ar a laghad 2 ghníomhaíocht do gach leabhar atá struchtúrtha agus céimnithe.
Early Learning Resources Introduction PDF 14.5 MB
Early Learning Resources 1a PDF 9.5 MB
Early Learning Resources 1b PDF 12.1 MB
Early Learning Resources 1c PDF 15 MB
Féasta Focal
Is acmhainn shubstaintiúil í seo ina bhfuil 3 chomhad agus bosca d’áiseanna chomh maith le dhá chárta lannaithe do gach páiste. Tá seo ar fáil le húsáid le gach páiste ar ndóigh ach tá sé dírithe go háirithe ar pháistí a bhfuil deacrachtaí ar leith acu leis an chéad 200 focal ardmhinicíochta i léitheoireacht na Gaeilge do pháistí agus bunaithe ar thaighde atá déanta ag an Dr. Gabrielle Nig Uidhir, Coláiste Ollscoile Naomh Muire Béal Feirste. Féach an intreoir le tuilleadh eolais a fháil agus an dóigh ar féidir a úsáid.
Féasta Focal
1 - 100
PDF 1.4 MB
Féasta Focal
101 - 200 PDF 1.4 MB
Gníomhachtaí Tacaíochta PDF 8.3 MB
Ócáid Airgid
Treoir ar ócáid a bhfuil téama airgid leis a eagrú do pháistí 4 – 11 bliain d’aois.
Maireachtáil. Foghlaim. Le Chéile
Tá leathanaigh gníomhachta ‘Maireachtáil. Foghlaim. Le Chéile.’ ar fáil anois le híoslódáil i nGaeilge.
InCAS
Is measúnú ríomhbhunaithe é InCAS a úsáidtear le measúnú a dhéanamh ar pháistí ar a scileanna Litearthachta agus Uimhearthachta agus déanfar é san Fhómhar do pháistí uile ó Rang 4-7. Cliceáil ar an nasc chun an leagan Gaeilge den Taispeáint Dalta a fheiceáil.
Luaigh Airgead. Déan Réitigh
Gníomhaíochtaí praiticiúla atá á dtacú le nótaí múinteora, le CD Rom agus le scannán de mhúinteoirí ag úsáid na háise sa seomra ranga. San áireamh ann tá trí ghníomhaíocht le haghaidh gach bliainghrúpa chomh maith le tionscadail shínte agus eolas ar na scileanna ábaltachta airgeadais.
Ag Foghlaim Tríd an Súgradh
Leabhrán áiseanna do mhúinteoirí Eochairchéim 1 chun oiread tairbhe agus is féidir a bhaint as an súgradh.
Is Féidir Gach Aon Rud
Tá grá mór ag Ulchabhán, Spideog, Broc agus Seilide don chrann Darach, ach tá baol ann go gcaillfidh siad é. Ach trí chur chuige fiontrach a chur i bhfeidhm, d’fhoghlaim siad –IS FÉIDIR GACH AON RUD! Léigh an scéal agus éist leis chomh maith!!
Ceist an Airgid
Is cnuasach gearrscéalta é seo a amharcann ar gach cineál ruda a bhaineann le hairgead i mbealaí greannmhara úsáideacha. Is cinnte go mbeidh tú sna trithí gáire agus go mbeidh tú ag smaoineamh ar airgead ar dhóigh nach ndearna tú riamh. Léigh na scéalta agus éist leo chomh maith!
Foghlaim Ghníomhach agus Modhanna Gníomhacha Teagaisc
Tagairt ar mhodhanna foghlama agus gníomhacha teagaisc curtha le chéile chun seomra ranga spreagthach, dúshlánach agus fócasaithe a chur chun cinn.