Réimsí Foghlama
Túsfhuaimeanna
Is sraith bheag í seo a chuideoidh le páistí dul i dtaithí ar chuid d’fhuaimeanna na Gaeilge ag tús focal agus iad ag dul i ngleic leis an luathléitheoireacht. Clúdaítear 23 túsfhuaim ar fad, gutaí gairide agus gutaí fada san áireamh. I ngach leabhar tá ceithre fhocal leis an túsfhuaim chéanna agus ceithre ghrianghraf a léiríonn gach focal. Ansin, tá abairt ann leis na ceithre fhocal sin agus pictiúr a léiríonn gach ceann acu chomh maith le rudaí eile a thosaíonn leis an túsfhuaim chéanna agus iad le haimsiú ag na páistí.
Ócáid Airgid
Treoir ar ócáid a bhfuil téama airgid leis a eagrú do pháistí 4 – 11 bliain d’aois.
Dréimire.
Micreashuíomh idirghníomhach a théann leis na leabhair Dréimire.
Luaigh Airgead. Déan Réitigh
Gníomhaíochtaí praiticiúla atá á dtacú le nótaí múinteora, le CD Rom agus le scannán de mhúinteoirí ag úsáid na háise sa seomra ranga. San áireamh ann tá trí ghníomhaíocht le haghaidh gach bliainghrúpa chomh maith le tionscadail shínte agus eolas ar na scileanna ábaltachta airgeadais.
Is Féidir Gach Aon Rud
Tá grá mór ag Ulchabhán, Spideog, Broc agus Seilide don chrann Darach, ach tá baol ann go gcaillfidh siad é. Ach trí chur chuige fiontrach a chur i bhfeidhm, d’fhoghlaim siad –IS FÉIDIR GACH AON RUD! Léigh an scéal agus éist leis chomh maith!!
Foghlaim Ghníomhach agus Modhanna Gníomhacha Teagaisc
Tagairt ar mhodhanna foghlama agus gníomhacha teagaisc curtha le chéile chun seomra ranga spreagthach, dúshlánach agus fócasaithe a chur chun cinn.